Cad í aidhm SSRD/DARS?
Cathain a tháinig an tseirbhís seo i bhfeidhm?
Cathain is dócha a bheadh gá ag tuismitheoir/caomhnóir leis an tseirbhís seo a úsáid nó fiú smaoineamh faoin tseirbhís a úsáid?
An féidir le tuismitheoir/caomhnóir atreorú a dhéanamh go an SSRD/DARS?
Cad a tharlódh mura n-aontódh ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS?
Nuair a aontaíonn na páirtithe go léir chun páirt a ghlacadh sa phróiseas, cé a dhéanfaidh an socrú deiridh maidir le haontú ar bith?
Má thosaíonn Tuismitheoirí/Caomhnóirí ag glacadh páirte san phróiseas SSRD/DARS, an rachaidh sé i bhfeidhm ar a gceart achomhairc ar an Bhinse um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Binse)?
An gcabhróidh SSRD/DARS le cúrsaí eile a bhaineann le fadhbanna eile a d'fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí/caomhnóirí maidir lena bpáiste ar scoil?
An n-oibríonn an tseirbhís SSRD/DARS i ngach ceann de na Boird Oideachais agus Leabharlainne?
Cá bheidh na cruinnithe leis an fhoireann SSRD/DARS ar siúl?
Cad í aidhm SSRD/DARS?
Is í aidhm na seirbhíse SSRD/DARS ná slí neamhspléach rúnda agus neamhfhoirmiúil a sholáthar lena bhféadfaí aon easaontuithe a bhaineann le Riachtanais Oideachais Speisialta agus soláthar a sheachaint nó a réiteach.
Cathain a tháinig an tseirbhís seo i bhfeidhm?
Tháinig an tseirbhís i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2005 mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Ordaithe um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Tuaisceart Éireann) 2005 (SENDO). D'éiligh an tOrdú ar Bhoird socruithe a chur i bhfeidhm d'fhonn díospóidí idir Tuismitheoirí agus na Boird Oideachais agus Leabharlainne agus Scoileanna a sheachaint nó a réiteach.
Cathain is dócha a bheadh gá ag tuismitheoir/caomhnóir leis an tseirbhís seo a úsáid nó fiú smaoineamh faoin tseirbhís a úsáid?
Is dóigh gur mó an cosúlacht go n-úsáidfeadh tuismitheoirí/caomhnóirí an tseirbhís seo nuair a bhíonn easaontas ann maidir leis na Riachtanais Oideachais Speisialta agus/nó soláthar a dhéanamh do pháiste/duine óg. De réir cleachtaidh, ba chóir iarracht a dhéanamh aon deacracht nó easaontas a réiteach leis an scoil nó leis an Bhord Oideachais agus Leabharlainne is cuma an mbaineann an t-easaontas le scoil an pháiste nó leis an Bhord Oideachais agus Leabharlainne. Mura bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóirí sásta tar éis gach uile iarracht reasúnta a dhéanamh chun comhsheasamh a fháil, d'fhéadfadh gur mhian leo teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís SSRD/DARS.
An féidir le tuismitheoir/caomhnóir atreorú a dhéanamh go an SSRD/DARS?
Is féidir. Is féidir le tuismitheoir/chaomhnóir atreorú a dhéanamh go SSRD/DARS. Ar an chéad dul síos, is cóir teagmháil a dhéanamh le:
Oliver Sherry, Bainisteoir SSRD/DARS
Bord Oideachais agus Leabharlainne an Deiscirt
3 Plás Charlemont
The Mall, Ard Mhacha BT61 9AX
Fón: 028 3751 2383
R-phost: oliver.sherry@selb.org
Cad a tharlódh mura n-aontódh ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS?
Úsáidtear SSRD/DARS go deonach,mar sin, mura n-aontaíonn ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS, ní fhéadfar dul ar aghaidh leis an phróiseas.
Nuair a aontaíonn na páirtithe go léir chun páirt a ghlacadh sa phróiseas, cé a dhéanfaidh an socrú deiridh maidir le haontú ar bith?
Cuirfear. Tabharfar cuireadh don scoil nó don Bhord Oideachais agus Leabharlainne páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/ DARS.
Má thosaíonn Tuismitheoirí/Caomhnóirí ag glacadh páirte san phróiseas SSRD/DARS, an rachaidh sé i bhfeidhm ar a gceart achomhairc ar an Bhinse um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Binse)?
Beidh na páirtithe a bhaineann leis an easaontú freagrach as teacht ar réiteach. Tá údarás ag na daoine a bhaineann leis an díospóid amháin maidir leis an toradh deiridh a chinneadh. Déanfaidh an fhoireann SSRD/DARS éascaíocht do theagmháil agus cruinnithe idir na páirtithe go léir agus tabharfaidh siad ráiteas achoimre ar an toradh.
An gcabhróidh SSRD/DARS le cúrsaí eile a bhaineann le fadhbanna eile a d'fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí/caomhnóirí maidir lena bpáiste ar scoil?
Ní chabhróidh. Ní ghlacfaidh an tseirbhís SSRD/DARS páirt ach amháin i gcúrsaí atá bainteach le Riachtanais Oideachais Speisialta an pháiste.
An n-oibríonn an tseirbhís SSRD/DARS i ngach ceann de na Boird Oideachais agus Leabharlainne?
Oibríonn. Is seirbhís trasteorainn í SSRD/DARS a oibríonn ar fud Thuaisceart Éireann. Chomh maith le Bainisteoir réigiúnach, tá oifigeach SSRD/DARS bunaithe i ngach limistéar Bhoird Oideachais agus Leabharlainne. Cé go bhfuil oifigigh SSRD/DARS suite ar fud na mBord Oideachais agus Leabharlainne, tá an tseirbhís SSRD/DARS neamhspléach ó bhrainsí Riachtanas Oideachais Speisialta laistigh de na Boird.
Cá bheidh na cruinnithe leis an fhoireann SSRD/DARS ar siúl?
Beidh na cruinnithe ar siúl i n-ionaid neodracha agus aontófar orthu roimh ré. Tá breis eolais faoin tseirbhís SSRD/DARS ar fáil san Fhorlíonadh leis an Chód Cleachtais ar Aithint agus Measúnú na Riachtanas Oideachais Speisialta (ailt 4.33 – 4.46).
Cáipéisí Gaolmhara