Tháinig an tSeirbhís um Sheachaint agus Réiteach Díospóide (SSRD/DARS) i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2005 mar thoradh ar an Ordú um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Tuaisceart Éireann) 2005 (SENDO).
Is iad aidhmeanna SSRD/DARS ná
- easaontuithe a réiteach idir na Boird Oideachais agus Leabharlainne nó na Boird Ghobharnóirí Scoile agus na tuismitheoirí i leith na slí ina gcuireann siad a gcuid freagrachtaí i bhfeidhm maidir le páistí le Riachtanais Oideachais Speisialta (SEN).
- easaontuithe a réiteach idir tuismitheoirí agus scoileanna i leith an tsoláthair atá á chur ar fáil do pháistí le Riachtanais Oideachais Speisialta.
Is seirbhís neamhspleách, rúnda agus neamhfhoirmiúil í SSRD/DARS a ceapadh chun deis a chur ar fáil um shaincheisteanna easaontais a aithint agus um bealaí a aimsiú chun dul chun cinn a dhéanamh a mbeidh na páirtithe go léir toilteanach glacadh leo.
Tá teaghálaí SSRD/DARS i ngach ceantar Boird Oideachais agus Leabharlainne agus bíonn sé/sí neamhspleách óna rannóg Oideachais Speisialta. Is é nó í an Bainisteoir SSRD/DARS an príomhphointe teagmhála ar an chéad dul síos.
Éascóidh baill fhoirne SSRD/DARS réiteach a bhfeadfáí teacht air maidir le heasaontuithe. I ndeireadh na dála, ní féidir comhaontú a shocrú go dtí go bhfaomhann gach páirtí lena mbaineann.
Ní rachaidh baint le SSRD/DARS i bhfeidhm ar an ceart atá ann chun achomharc a dhéanamh chuig an Bhinse um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (SENDIST). Ní féidir SSRD/DARS a úsáid chun díospóidí eile a réiteach idir tuismitheoir agus scoil nó Bord Oideachais agus Leabharlainne. Má chreideann tú go bhfuil leatrom déanta ar do pháiste de dheasca míchumais, soláthraíonn an Coimisiún Comhionannais seirbhís comhréitigh chun an díospóid sin a réiteach.
Cáipéisí Gaolmhara