Young girl smiling in class Close up head shot of boy in school Girl holding hand up, with teacher at white board
.

Seirbhís um Sheachaint agus Réiteach Díospóide (SSRD/DARS), Ceisteanna Coitianta (Dispute Avoidance and Resolution Service (DARS), Frequently Asked Questions)

Cad í aidhm SSRD/DARS?

 

Cathain a tháinig an tseirbhís seo i bhfeidhm?

 

Cathain is dócha a bheadh gá ag tuismitheoir/caomhnóir leis an tseirbhís seo a úsáid nó fiú smaoineamh faoin tseirbhís a úsáid?

 

An féidir le tuismitheoir/caomhnóir atreorú a dhéanamh go an SSRD/DARS?

 

Nuair a dhéantar atreorúcháin go SSRD/DARS, an gcuirfear na páirtithe eile ar an eolas?

 

Cad a tharlódh mura n-aontódh ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS?

 

Nuair a aontaíonn na páirtithe go léir chun páirt a ghlacadh sa phróiseas, cé a dhéanfaidh an socrú deiridh maidir le haontú ar bith?

 

Má thosaíonn Tuismitheoirí/Caomhnóirí ag glacadh páirte san phróiseas SSRD/DARS, an rachaidh sé i bhfeidhm ar a gceart achomhairc ar an Bhinse um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Binse)?

 

An gcabhróidh SSRD/DARS le cúrsaí eile a bhaineann le fadhbanna eile a d'fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí/caomhnóirí maidir lena bpáiste ar scoil?

 

An n-oibríonn an tseirbhís SSRD/DARS i ngach ceann de na Boird Oideachais agus Leabharlainne?

 

Cá bheidh na cruinnithe leis an fhoireann SSRD/DARS ar siúl?

Cad í aidhm SSRD/DARS?

Is í aidhm na seirbhíse SSRD/DARS ná slí neamhspléach rúnda agus neamhfhoirmiúil a sholáthar lena bhféadfaí aon easaontuithe a bhaineann le Riachtanais Oideachais Speisialta agus soláthar a sheachaint nó a réiteach.

 

Cathain a tháinig an tseirbhís seo i bhfeidhm?

Tháinig an tseirbhís i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2005 mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Ordaithe um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Tuaisceart Éireann) 2005 (SENDO). D'éiligh an tOrdú ar Bhoird socruithe a chur i bhfeidhm d'fhonn díospóidí idir Tuismitheoirí agus na Boird Oideachais agus Leabharlainne agus Scoileanna a sheachaint nó a réiteach.

 

Cathain is dócha a bheadh gá ag tuismitheoir/caomhnóir leis an tseirbhís seo a úsáid nó fiú smaoineamh faoin tseirbhís a úsáid?

Is dóigh gur mó an cosúlacht go n-úsáidfeadh tuismitheoirí/caomhnóirí an tseirbhís seo nuair a bhíonn easaontas ann maidir leis na Riachtanais Oideachais Speisialta agus/nó soláthar a dhéanamh do pháiste/duine óg. De réir cleachtaidh, ba chóir iarracht a dhéanamh aon deacracht nó easaontas a réiteach leis an scoil nó leis an Bhord Oideachais agus Leabharlainne is cuma an mbaineann an t-easaontas le scoil an pháiste nó leis an Bhord Oideachais agus Leabharlainne. Mura bhfuil na tuismitheoirí/caomhnóirí sásta tar éis gach uile iarracht reasúnta a dhéanamh chun comhsheasamh a fháil, d'fhéadfadh gur mhian leo teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís SSRD/DARS.

 

An féidir le tuismitheoir/caomhnóir atreorú a dhéanamh go SSRD/DARS?

Is féidir. Is féidir le tuismitheoir/chaomhnóir atreorú a dhéanamh go SSRD/DARS.Ar an chéad dul síos, is cóir teagmháil a dhéanamh le:

Oliver Sherry, Bainisteoir SSRD/DARS

Bord Oideachais agus Leabharlainne an Deiscirt

3 Plás Charlemont

The Mall, Ard Mhacha BT61 9AX

Fón: 028 3751 2383

R-phost: oliver.sherry@selb.org

Nuair a dhéantar atreorú go SSRD/DARS, an gcuirfear na páirtithe eile ar an eolas?

Cuirfear. Tabharfar cuireadh don scoil nó don Bhord Oideachais agus Leabharlainne páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/ DARS.

 

Cad a tharlódh mura n-aontódh ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS?

Úsáidtear SSRD/DARS go deonach,mar sin, mura n-aontaíonn ceann de na páirtithe páirt a ghlacadh sa phróiseas SSRD/DARS, ní fhéadfar dul ar aghaidh leis an phróiseas.

 

Nuair a aontaíonn na páirtithe go léir chun páirt a ghlacadh sa phróiseas, cé a dhéanfaidh an socrú deiridh maidir le haontú ar bith?

Beidh na páirtithe a bhaineann leis an easaontú freagrach as teacht ar réiteach. Tá údarás ag na daoine a bhaineann leis an díospóid amháin maidir leis an toradh deiridh a chinneadh. Déanfaidh an fhoireann SSRD/DARS éascaíocht do theagmháil agus cruinnithe idir na páirtithe go léir agus tabharfaidh siad ráiteas achoimre ar an toradh.

 

Má thosaíonn Tuismitheoirí/Caomhnóirí ag glacadh páirte san phróiseas SSRD/DARS, an rachaidh sé i bhfeidhm ar a gceart achomhairc ar an Bhinse um Riachtanais Oideachais Speisialta agus Míchumas (Binse)?

Ní rachaidh. Ní rachaidh aon bhaint le SSRD/DARS i bhfeidhm ar a gceart achomhairc ar an Bhinse.

 

An gcabhróidh SSRD/DARS le cúrsaí eile a bhaineann le fadhbanna eile a d'fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí/caomhnóirí maidir lena bpáiste ar scoil?

Ní chabhróidh. Ní ghlacfaidh an tseirbhís SSRD/DARS páirt ach amháin i gcúrsaí atá bainteach le Riachtanais Oideachais Speisialta an pháiste.

 

An n-oibríonn an tseirbhís SSRD/DARS i ngach ceann de na Boird Oideachais agus Leabharlainne?

Oibríonn. Is seirbhís trasteorainn í SSRD/DARS a oibríonn ar fud Thuaisceart Éireann. Chomh maith le Bainisteoir réigiúnach, tá oifigeach SSRD/DARS bunaithe i ngach limistéar Bhoird Oideachais agus Leabharlainne. Cé go bhfuil oifigigh SSRD/DARS suite ar fud na mBord Oideachais agus Leabharlainne, tá an tseirbhís SSRD/DARS neamhspléach ó bhrainsí Riachtanas Oideachais Speisialta laistigh de na Boird.

 

Cá bheidh na cruinnithe leis an fhoireann SSRD/DARS ar siúl?

Beidh na cruinnithe ar siúl i n-ionaid neodracha agus aontófar orthu roimh ré.

 

Tá breis eolais faoin tseirbhís SSRD/DARS ar fáil san Fhorlíonadh leis an Chód Cleachtais ar Aithint agus Measúnú na Riachtanas Oideachais Speisialta (ailt 4.33 – 4.46).

 

 

Cáipéisí Gaolmhara

 

 

Please Rate This Page!