Tógadh an sliocht seo as an téacs "Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD) - Treoir Phraiticiúil do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí", atá ar fáil go hiomlán thíos.
Ní bhíonn páistí in ann díriú ar an obair i gceart uaireanta, éiríonn siad róghníomhach nó déanann siad rudaí gan smaoineamh futhú. Tá páistí ann, áfach, a thaispeánann deacrachtaí áirithe eisceachtúla maidir le neamhaird, hipirghníomhaíocht agus ríogacht, gnéithe a imríonn tionchar ar an méid a fhoghlaimíonn siad agus ar a n-iompraíocht agus is cosúil nach siad féin in ann é a smachtú. Is cosúil nach mbíonn baint ag na gnáth-thionchair cosúil le cluichí ríomhaire, an-iomarca teilifíse, drochbhainistíocht, aiste bia agus araile tionchar leis na deacrachtaí sin.
Tagraítear do na páistí sin faoi láthair mar pháistí a bhfuil Neamhord Hipirghníomhíochta Easnamh Airde (ADHD - tagraítear dó uaireanta mar ADD) orthu.
Cad é Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde (ADHD)?
Taispeánann páistí a bhfuil ADHD orthu deacrachtaí áirithe i leith roinnt de na gnéithe seo a leanas nó na ngnéithe seo go léir:
- Neamhaird (m. sh. "ní féidir leo díriú ar aon rud; is cosúil nach mbíonn siad ag éisteacht, go mbíonn siad ag aislingeacht, go cuireadh ar seachmall iad go éasca; ní féidir leo aird a thabhairt”.)
- Hipirghníomhaíocht (m.sh. "bíonn siad de shíor i mbun gníomhaíochta éigin; ní féidir leo fanacht ina suí gan bogadh.”)
- Ríogacht (m.sh. “déanann sé rudaí sula smaoiníonn sé, níl neart aige ar bheith ag béiceadh nó ag bualadh”.)
Taispeanfaidh a lán páistí, nó fiú an chuid is mó de pháistí, deacrachtaí sna réimsí sin ag am éigin i rith a saol. Is é an difríocht atá ann do na páistí a bhfuil ADHD orthu ná go gcaithfidh na iompraíochtaí sin:
- a bheith ann níos mó ná sé mhí;
- a bheith chomh dian sin go gcuireann sé isteach ar an ghnáth-dhul chun cinn a dhéanann páistí ag an aois chéanna;
- a bheith gan mhíniú ó léibhéal forbartha nó ó aon deacracht /bhail eile agus
- a bheith gan mhíniú ó thosca eile ar nós "leisciúlacht";easpa codlata; an-iomarca teilifíse; físeáin; breiseáin bhia.
Cáipéisí gaolmhara