Oibríonn na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlainne (BOLanna) go neamhspléach faoi láthair agus úsáideann siad foirmeacha iarratais difriúla.
Tá Tionscadal um Chórais Faisnéise Bainistíochta (MIS) ar siúl faoi láthair, áfach, ar son na mBord Oideachais agus Leabharlainne agus is gá athbhreithnú bunúsach a dhéanamh ar an modh lena ndéanfar iarratas ar chúnamh iompair.
Dá bharr sin, ba chóir go leanfadh tuismitheoirí ar aghaidh don ghearrthréimhse agus don mheántréimhse, ag déanamh iarratais chuig a mBord áitiúla Oideachais agus Leabharlainne agus a gcuid módhanna reatha iarratais á n-úsáid acu ar féidir iad a aithint tríd na naisc chuig na láithreáin aonaracha BOL a úsáid.
Taispeánfar nuashonruithe rialta anseo de réir mar a dhéanfar dul chun cinn ar an tionscadal MIS.