Is é do dhualgas dlíthíul mar thuismitheoirí/caomhnóir chun freastal scoile rialta agus poncúil do pháiste a chinntiú.
Tá an t-am atá agat tábhachtach chun do pháiste a ullmhú dá thodhchaí nó dá todhchaí. Níl ach 190 lá reachtúil scoile sa bhliain. Dá chaillfeadh do pháiste lá amháin sa tseachtain ar feadh a chuid am scoile, chaillfidís an choibhéis dhá bhliain scoile! Bheadh sé ar nós scoil a thosú ag 7 mbliana d'aois nó scoil a fhágáil ag 14 bliana d'aois.
Féadann laethanta déanacha cur leis an méid ama a chuirtear amú agus d'fhéadfadh do pháiste obair thábhachtach a chailleadh agus bheadh air/uirthi teacht suas leis ansin. Cuireann sé isteach ar cheachtanna chomh maith agus féadtar clú diúltach a chruthú dóibh mar thoradh air. Téann an dlí i ngleic le moille agus le neamhfhreastal sa tslí chéanna.
Tá oideachas do pháiste níos tábhachtaí inniu ná a mar a bhí riamh sna glúine roimhe seo. Tabhair cabhair do do pháiste le bhur dtoil chun an leas is mó is féidir a bhaint as an deis seo!
Cathain ar chóir do mo pháiste tosú ar scoil?
Cathain is féidir le mo pháiste scoil a fhágáil?
Cad é an dlí i leith freastail scoile?
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dul ar scoil?
Cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le do pháiste?
Cathain is féidir le do pháiste a bheith as láthair ón scoil?
An féidir liom mo pháiste a thabhairt ar saoire liom?
Cad a d'fhéadfadh a tharlú mura bhfreastalaíonn do pháiste ar scoil go rialta?
Cathain ar chóir do mo pháiste tosú ar scoil?
De ghnáth, tosaíonn páistí i dTuaisceart Éireann ar scoil i mí Mheán Fómhair sa bhliain tar éis a gceathrú breithlá. Dá bhrí sin, is féidir le páistí a cheiliúrann a 4ú breithlá ar an 1 Meán Fómhair 2003, nó idir an dáta sin agus an 1 Iúil 2004 dul isteach sa rang P1 i dtús mhí Mheán Fómhair.
Ní thosaíonn na páistí a cheiliúrann a mbreithlá i rith na míonna samhraidh, m.sh. 2 Iúil go 31 Lúnasa, ar scoil go dtí mí Mheán Fómhair ina dhiaidh sin. Ciallaíonn sé sin nach dtosaíonn páistí a cheiliúrann a 4ú breithlá ar an 2 Iúil 2004 nó idir an dáta sin agus an 31 Lúnasa 2004 ar scoil go dtí mí Mheán Fómhair 2005.
Cathain is féidir mo pháiste scoil a fhágáil?
Má shroicheann do pháiste 16 bliana d'aois ar an 1 Iúil nó roimhe sin, is féidir leis/leí scoil a fhágáil ar 30 Meitheamh sa bhliain sin. Má shroicheann do pháiste 16 bliana d'aois tar éis 1 Iúil, caithfidh sé/sí fanacht ar scoil go dtí 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.
Cad é an dlí i leith freastail scoile?
Tá dualgais agus freagrachtaí soiléire ar thuismitheoirí agus ar na boird oideachais agus leabharlainne:
Dualgas Tuismitheora
Tá dualgas tuismitheora i leith oideachais a bpáistí ar fáil in Ordú Oideachais agus Leabharlainne (Thuaisceart Éireann) 1986 agus luann sé:
"Tá ar thuismitheoirí gach páiste ag aois scoile cinnte a dhéanamh de go mbíonn oideachas lánaimseartha éifeachtúil á fháil aige/aici atá oiriúnach dá (h)aois, c(h)umas agus b(h)ua agus aon riachtanas oideachais speisialta a d'fhéadfadh a bheith aige/aici, trí fhreastal rialta ar scoil nó áit eile.”
Dualgas BOL
Bíonn na Boird Oideachais agus Leabharlainne freagrach go dlíthúil, trína Seirbhís Leasa Oideachais, as cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfreagracht féin i leith oideachais a bpáistí. Mura gcomhlíonann siad an fhreagracht sin, bíonn ceanglais ar an Bhord Oideachais agus Leabharlainne chun próisis dhlíthiúla ghníomh na Cúirte a úsáid agus chun seasamh le dualgas tuismitheora chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn oideachas á fháil ag na daoine óga atá faoina gcúram.
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dul ar scoil?
Cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le do pháiste?
-
Déan deimhin de go dtéann do pháiste ar scoil go rialta, go sroicheann siad an scoil in am agus go leanann siad na rialacha scoile.Tosaigh nósanna maithe go luath, fad is a bhíonn do pháiste ag freastal ar an Bhunscoil.
Cathain is féidir le do pháiste a bheith as láthair ón scoil?
Nuair a bhíonn sé/sí
-
tinn
-
Má bhíonn coinne dhosheachanta leighis nó fiacaile aige/aicí
-
Má ghlacann sé/sí pháirt in ócáid reiligiúnach.
-
Má bhíonn cúinse teaghlaigh eisceachtúil acu, m. sh. bainis nó sochraid
Roinnt fáthanna do-ghlactha i dtaobh neamhláithreachais.
Teagmháil a dhéanamh leis an Scoil
An féidir liom mo pháiste a thabhairt ar saoire liom?
Ba chóir neamhláithreachas ón scoil a sheachaint más féidir.
Cuireann sé isteach ar oideachas do pháiste agus is féidir leis tionchar a imirt ar a na gaolmhaireachtaí a bhíonn acu sa scoil.
Má phleanálann tú laethanta saoire i rith téarma, caillfidh do pháiste cuid dá (h)oideachais agus d'fhéadfadh go gcaillfidís tastálacha nó scruduithe tábhachtacha.
Ba chóir duit é sin a phlé le príomhoide scoil do pháiste toisc gurb í an scoil amháin atá in ann neamhláithreachas den chineál sin a údarú.
Ná bí ag súil go dtabharfaidh scoil do pháiste údarás do neamhláithreachas toisc go d'fhéadfadh go bhfuil beartas acu a luann go meastar na laethanta saoire go léir i rith an téarma mar neamhláithreachas.
Cad a d'fhéadfadh a tharlú mura bhfreastalaíonn do pháiste ar scoil go rialta?
Luann an dlí go bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí freagach as freastal scoile rialta agus poncúil a bpáiste a chinntiú.
D'fhéadfadh gach tuismitheoir fíneáil £1000 a íoc i leith gach páiste nach bhfreastalaíonn ar scoil go rialta.
Tá an rogha ag an Bhord Oideachais agus Leabharlainne áitiúil iarratas a dhéanamh ar Ordú Maoirseachta Oideachais i leith do pháiste.
Tá sé tábhachtach go gcomhoibríonn tú leis an scoil agus leis an Oifigeach Leasa Oideachais chun deacrachtaí a réiteach go luath sula mbíonn gá le caingean dlí. (De réir an dlí, ní chaithfidh páiste ar bith a bheith sa scoil roimh thús mhí Mheán Fómhair tar éis a 4ú breithlá, ach fáiltíonn a lán teaghlach roimh a bpáiste a chur chuig naíscoileanna)