Tá roinnt saincheisteanna ag baint le toircheas déagóra agus tuismíocht a mbíonn ar bhean óg aghaidh a thabhairt orthu; baineann ceann amháin acu le dóthain tacaíochta a fháil chun a chinntiú go bhfuil sí in ann leanúint ar aghaidh lena hoideachas. Caithfidh bean óg aghaidh a thabhairt ar rólanna agus gaolmhaireachtaí a athraíonn lastigh dá teaghlach, ar chinntí i leith scoile agus staidéar a eagrú, chomh maith le rochtain a fháil ar chúram agus tacaíocht réamhbhreithe agus iarbhreithe.
Conas is féidir leis an SLO cabhrú le bean óg i rith bhreith a páiste agus tar éis na breithe?
An bhfuil aon tacaíocht cúraim pháiste ar fáil?
Cad is brí leis an téarma "máthair d'aois scoile"?
Cén saghas tacaíochta le hOideachas atá ar fáil trí thionscadal MAS/SAM (máthair d'aois scoile)?
Conas is féidir le bean óg rochtain a fháil ar an tionscadal MAS (SAM)?
Conas is féidir leis an SLO cabhrú le bean óg i rith breith a páiste agus tar éis na breithe?
Oibreoidh Oifigeach Leasa Oideachais thar do cheann chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil an méid tacaíochta breise is féidir á fáil agat roimh breith do pháiste agus tar éis na breithe freisin. Déanfaidh siad plean in éineacht leatsa, do scoil agus do thuismitheoirí/caomhnóirí, ina ndéanfar imscrúdú ar na roghanna oideachais atá ar fáil duit, conas a leanfaidh tú ar aghaidh chun do chailíochtaí a bhaint amach agus conas a thacófar tú sa scoil nuair a fhillfidh tú ar ais.
An bhfuil aon tacaíocht cúraim pháiste ann do mháithreacha óga?
Má fhilleann duine óg ar ais ar scoil go lánaimseartha, iarrfaidh an tSeirbhís Leasa Oideachais ar Sheirbhísí Sóisialta measúnú riachtanais a dhéanamh. Is féidir tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, bunaithe ar an mheasúnú sin, um fheighlí cláraithe páistí a fháil.
Cad is brí leis an téarma "Máthair d'aois scoile"?
Tagraíonn an téarma seo do mhná ogá d'aois éigeantach scoile a bhfuil páiste acu. Bunaíodh an Tionscadal do Mháithreacha d'Aois Scoile (MAS) chun tacaíocht a thabhairt do mhná óga ag iompar clainne nó a rugadh páiste dóibh agus iad ag aois éigeantach scoile, arb ionann é agus suas go deireadh Bliain 12. Tá an tionscadal ar fáil do mhná óga a fhanann ar scoil i mBliain 13 agus 14. Bunaíodh é chun rogha agus tacaíochta a thabhairt do mhná óga agus aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le mná óga a fhágann an scoil gach bliain timpeall an tréimhse ina raibh siad ag iompair clainne.
Cén saghas tacaíochta le hoideachas atá ar fáil trí MAS do mháithreacha óga a raibh páiste acu nó atá ag súil le páiste?
Tá an tionscadal MAS (Máithreacha d'aois scoile) ar fáil ar fud Thuaisceart Éireann.Tugann an tionscadal tacaíocht do mhná óga chun dul ar aghaidh lena n-oideachas agus cabhraíonn an tionscadal leo aghaidh a thabhairt ar a bhforbairt phearsanta chomh maith lena riachtanais réamhbhreithe agus chúráim shláinte.
B'fhéidir go mbeadh na daoine gairmiúla seo a leanas bainteach sa tionscadal i do cheantar áitiúil: oifigeach thionscadail na Seirbhíse Leasa Oideachais, teagascóir oideachais, oibrí Surestart, altra cuairteora, bean chabhrach agus maoirseoirí creise. Buaileann bean óg le mná óga eile ar máithreacha óga iad freisin agus is féidir leí páirt a glacadh i ngrúpa tacaíochta nó tacaíocht a fháil ar bhonn aonair. Tá réimse comhairle praiticiúla saineolacha ar fáil ar chúrsaí sláinte, sochair, leas agus oideachas agus bíonn teagasc ar an láthair san áireamh i roinnt tionscadal.
Conas is féidir le bean óg rochtain a fháil ar sheirbhís tacaíochta "MAS"?
Déanfaidh Oifigeach Leasa Oideachais, scoil nó duine gairmiúil sláinte nó oibrí sóisialta tarchur don tionscadal de ghnáth. Is féidir le bean óg iarraidh go díreach ar thacaíocht sa scoil nó ar oifigí SLO ina ceantar féin.
Is eagraíocht dheonach í an Young Parents Network (Greasán Tuismitheoirí Óga) (028 9047 3856) agus tá réimse eolais acu ar oideachais agus ar ghnéithe tacaíochta do mháithreacha ag aois scoile.