Young girl smiling in class Close up head shot of boy in school Girl holding hand up, with teacher at white board
.

Seirbhís Leasa Oideachais, Freagracht Tuismitheoirí (Educational Welfare Service, Parental Responsibility)

De réir an dlí, tá ar na scoileanna ainmneacha na dtuismitheoirí go léir a chlárú má tá siad pósta toisc go bhfuil Freagracht Tuismitheora orthu as a gcuid páistí. Ní bhíonn deiradh le Freagracht Tuismitheoirí go deo fiú mura chónaíonn an tuismitheoir leis an bpáiste a thuilleadh, mura rud é gur uchtaíodh an páiste. Tá freagracht ar gach tuismitheoir, fiú má tá siad scartha nó colscartha. De réir an dlí, tá ar scoileanna ainmneacha aon duine eile a bhfuil freagracht tuismitheora orthu as páiste a chlárú.

 

Luann an dlí go gcaithfidh na daoine a thugann aire do pháistí ach nach bhfuil freagracht tuismitheoirí orthu, m.sh. leastuismitheoirí, gaolta eile nó tuismitheoirí altrama, cinntí stuama laethúla a dhéanamh ar mhaithe le leas is fearr an pháiste. Ní féidir le scoileanna aire a thabhairt do do pháiste go cuí go dtí go bhfuil a fhios acu de réir an dlí cé hé/hí atá freagrach agus údarásach as an páiste sin agus cá bhfuil siad ina gcónaí.

 

Cad í freagracht tuismitheora?

 

Conas is féidir liom freagracht tuismitheora a fháil?

 

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach freagracht tuismitheora a fháil?

 

Cén fáth a bhfuil gá le scoileanna a chur ar an eolas faoi cé air nó uirthi a bhfuil freagracht tuismitheora?

 

Conas is féidir liom breis eolais a fháil?

 

Cad í freagracht tuismitheora?

Baineann freagracht tuismitheoirí le CEARTA, DUALGAIS AGUS CUMHACHTAÍ.

FREAGRACHTAÍ AGUS ÚDARÁS atá ag tuismitheoir páiste i leith an pháiste agus mhaoin an pháiste de réir an dlí.

An tOrdú Páistí (Tuaisceart Éireann) 1995 Airteagal 6(1).

 

Conas is féidir liom freagracht tuismitheora a fháil?

Luann an dlí go bhfuil freagracht tuismitheora ar an mháthair amháin mura bhfuil na tuismitheoirí pósta, ach is féidir leis an athair a chuid freagrachta thuismitheora a fháil chomh maith trí :-

 

  • breith an pháiste a chlárú in éineacht leis an mháthair (baineann feidhm leis seo an 15 Aibreán 2002 nó ina dhiaidh sin)

  • an mháthair a phósadh

  • comhaontas dlíthúil a shíniú leis an mháthair

  • Ordú Freagrachta Thuismitheora a fháil ón Chúirt.

 

Is féidir le daoine fásta eile a bhfuil cónaí orthu leis an bpáiste, m.sh. leastuismitheoirí nó seantuismitheoirí cuid den Fhreagracht Tuismitheora a fháil má dhéanann siad iarratas chuig an chúirt ar Ordú Cónaithe.

 

Ní chailleann na tuismitheoirí bunaidh a gcuid den Fhreagracht Tuismitheora ach amháin más rud é go n-uchtaítear a bpáiste. Bíonn Freagracht Tuismitheora orthu i gcónaí, is cuma cibé líon daoine eile a roinneann í leo.

 

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach freagracht tuismitheora a fháil?

Beidh cead aighnis agat sna cinntí a bhaineann leis na páistí i do chlann. Caithfidh scoileanna dul i gcomhairle leat nuair a dhéanann siad cinntí ar rudaí ar nós iontrálacha, aistrithe, roghanna GSCE agus araile.

 

Cabhraíonn sé le múinteoirí, dochtúirí agus daoine eile toisc go mbeidh a fhios acu cé ar cóir dóibh dul i dteagmháil leo nuair is gá cinntí a dhéanamh.

Is féidir leis an gaol idir tú féin agus na páistí atá faoi do chúram a neartú.

 

Cén fáth a bhfuil gá le scoileanna a chur ar an eolas faoi cé air nó uirthi a bhfuil freagracht tuismitheora?

Luann an dlí gur chóir do scoileanna daoine a bhfuil freagracht tuismitheora orthu a chur ar an eolas i leith oideachas a pháiste trí:-

 

  • na cóipeanna go léir de thuarascáil bhliantúil a pháiste a sheoladh chucu.

  • cuireadh a thabhairt dóibh cuairt a thabhairt ar an scoil chun dul chun chinn an pháiste a phlé.

  • iad a chur san áireamh sna cinntí a bhaineann le hoideachas a pháiste.

 

Luann an dlí go gcaithfear go cothrom le gach duine a bhfuil freagracht tuismitheora orthu as páiste áirithe.

 

Conas is féidir liom breis eolais a fháil?

Má tá leastuismitheoirí nó aithreacha neamhphósta a dteastaíonn uathu FREAGRACHT TUISMITHEORA a fháil, cuir ceist ar do:

 

  • Biúró Comhairle Saoránach

  • Ionad Dlí / Dlíodóir

  • Cúirt Dúiche

 

Is féidir le hOifigeach Leasa Oideachais do scoile cabhrú leat chun an chomhairle cheart a fháil.

Parental Responsibility