Young girl smiling in class Close up head shot of boy in school Girl holding hand up, with teacher at white board
.

Seirbhís Leasa Oideachais, Páistí a dTugtar Aire Dóibh (Education Welfare Service, Looked After Children)

Cibé uair a bhíonn deacrachtaí ann maidir le haire a thabhairt do pháiste sa bhaile agus nach féidir le duine fanacht sa bhaile leo, nó nach bhfuil sé ar mhaithe le leas an pháiste go bhfanfadh sé sa bhaile, is féidir cinneadh a dhéanamh go mbeidh baint dhlíthiúil ag gníomhaireacht reachtúil baint le cúraim an pháiste.

 

Cé hé/hí páiste "a dtugtar aire dóibh"?

 

Cad í an reachtaíocht atá ann i leith páistí "a dtugtar aire dóibh"?

 

Cad iad impleachtaí na reachtaíochta do thuismitheoir?

 

Conas a bhíonn páiste incháilithe chun go dtabharfar aire dóibh?

 

Cén fáth a bhfuil aire speisialta de dhíth ar Pháistí a dTugtar Aire Dóibh?

 

Conas is féidir leis an SLO tacaíocht a thabhairt do pháistí "a dtugtar aire dóibh" lena gcuid Oideachais?

 

Conas is féidir liom breis eolais a fháil ar Pháistí a dTugtar Aire Dóibh?

 

Cé hé/hí Páiste a dTugtar Aire Dóibh (PTAD/LAC)?

Luann an tOrdú Páistí (TÉ) 1995 gur páiste 'a dtugtar aire dóibh' é nó í páiste "atá faoi chúram Iontaobhais nó a gcuireann Iontaobhas cóiríocht ar fáil dóibh". Is féidir le páistí a dtugtar aire dóibh a bheith ina gcónaí:

 

  • i dteach cónaithe

  • i scoil chónaithe

  • i socrúchán altrama

  • i socrúchán teaghlaigh le gaol nó sa bhaile ó am go ham

 

Cad í an reachtaíocht atá ann i leith páistí a dtugtar aire dóibh?

D'fhéadfadh páistí "a dtugtar aire" dóibh a bheith faoi réir:

 

  • Ordú Cúraim eatramhach

  • Ordú Cúraim iomlán

  • Ordú Cónaithe

  • Cóiríocht Dheonach

 

Cad iad impleachtaí na reachtaíochta do thuismitheoir?

Tá prionsabail agus riachtanais dhlíthiúla san Ordú Páistí (TÉ) 1995 a chosnaíonn páistí agus a chuireann a leas chun cinn. Tugann siad treoir do thuismitheoirí maidir lena bpáiste a chothú, iad a choimeád slán agus maidir le hobair a dhéanamh le seirbhísí do pháistí (m.sh. Iontaobhais Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta agus na Boird Oideachais agus Leabharlainne).

 

Tá leas an pháiste mar phríomhthosaíocht sa reachtaíocht a bhaineann le páistí agus ní mór do thuismitheoirí chomhoibriú in éineacht le daoine eile de réir gá, chun an phríomhreachtaíocht sin a chinntiú agus chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil an ceart acu go ndéanfar a gcuid mianta a bhreithniú agus go rachfar i gcomhairle leo.

 

D'fhéadfaí aire a thabhairt do pháiste faoi ordú cúirte nó is féidir le Iontaobhas cóiríocht a chur ar fáil do pháiste tar éis teacht ar chomhaontú leis na tuismitheoirí. Má chuirtear Ordú Cúram i bhfeidhm ar pháiste, roinneann an tuismitheoir "freagracht tuismitheora" leis an Iontaobhas. Minítear go dlíthuil é mar ‘na cearta, dualgais, cumhachtaí, freagrachtaí agus údaráis go léir a bhíonn ag tuismitheoir maidir leis an pháiste de réir an dlí."

 

Tá roinnt gníomhaireachtaí ann ar nós, Ionad Dlí na bPáistí a dtabharfaidh cabhair agus comhairle mhionsonraithe do thuismitheoirí maidir lena gcearta agus a bhfreagrachtaí i leith a bpáistí agus na himpleachtaí a bhaineann le réimse leathan reachtaíochta.

 

Conas a bhíonn páiste incháilithe chun go dtabharfar aire dóibh?

Sula ndéantar cinneadh ar bith i leith aire a thabhairt do pháiste, caithfidh oibrí sóisialta measúnú a dhéanamh ar dtús ar riachtanais pháiste. Rachfar i mbun comhairliúcháin ansin um chinneadh a dhéanamh maidir le riachtanais an pháiste a shásamh. Déantar na cinntí foirmiúil i bpleananna cúraim agus socrúcháin, a bhféadfaí a áireamh orthu athruithe i socruithe cónaithe agus cúraim an pháiste agus treoraíonn an creatlach dhlíthiúil iad chun leas gach uile pháiste a chosaint.

 

Scríobh na hIontaobhais Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta Beartais agus Nósanna Imeachta a rinne mionchur síos ar chéimeanna go léir an phróisis reachtúil seo. Leagtar béim ar shaincheisteanna oideachais i bplean cúraim gach pháiste a dtugtar aire dóibh.

 

Cén fáth a bhfuil aire speisialta de dhíth ar na páistí seo?

Léiríonn taighde a rinneadh le déanaí i dTuaisceart Éireann go bhfuil gnóthachtáil íseal oideachais ag líon suntasach páistí a dtugtar aire dóibh, rud a d'fheadfadh cur isteach ar na deiseanna a bheidh acu sa saol amach anseo.

 

Tuilleann daoine óga i gcúram poiblí an taithí céanna oideachais agus deiseanna céanna saoil atá ar fáil do gach duine eile. B'fheidir go mbeadh riachtanais áirithe acu mar thoradh ar a dtaithí saoil.

 

Conas is féidir leis an tSeirbhís Leasa Oideachais tacaíocht a thabhairt do páistí a dugtar aire dóibh lena gcuid oideachais?

Is féidir leis an tSeirbhís Leasa Oideachais comhairle agus tacaíocht a thabhairt do pháistí aonaracha agus a gcuid cúramóirí. Oibrímid in éineacht le daoine eile chomh maith a bhfuil freagracht ghairmiúil orthu as páistí a dtugtar aire dóibh laistigh de na Seirbhísí Sóisialta agus gníomhaireachtaí eile reachtúla agus deonacha, mar shampla, oiliúint agus comhairle a chur ar fáil maidir le saincheisteanna oideachais.

 

Cá féidir liom breis eolais a fháil?

Tá soláthar speisialta ceaptha ag gach Seirbhís Leasa Oideachais de chuid an Bhoird Oideachais agus Leabharlainne agus ba chóir teagmháil a dhéanamh dóibh ina n-aonair, ag brath ar an cheantar ina gcónaíonn tú. Cuireann siad raon acmhainní ar fáil.

Looked After Children