Tugann oideachas deis do dhaoine óga bheith ullmhaithe don saol. Is sainseirbhís tacaíochta oideachais é an tSeirbhís Leasa Oideachais (SLO) a dhéanann iarracht cabhrú le daoine óga, atá ag aois éigeantach scoile, agus a dteaghlach chun an leas is fearr a bhaint as an gcóras oideachais.
Aidhm
Chun cultúr an tinrimh rialta ar scoil a chur chun chinn.
Ráiteas Misin
Cuireann an tSeirbhís Leasa Oideachais rannpháirtíocht na bpáistí agus na ndaoine óga in oideachas tairbheach chun chinn trí chomhpháirtíocht agus chur chuige uilechuimsitheach.