Bíonn gach uile daoine fásta a oibríonn le páistí agus daoine óga freagrach as a leas. Bíonn gach uile scoil freagrach as leas na ndaltaí go léir a chur chun cinn agus a chosaint. Leagtar amach an dualgas seo san Ordú Oideachais agus Leabharlanna (TÉ) 2003 – Cuid IV Leas agus Cosaint Daltaí, Airteagail 17, 18 agus 19 – Dualgais Bhoird Ghobharnóirí.
Caitheann múinteoirí a lán ama leis na daoine óga sna ranganna nó scoil gach lá agus tá siad in ann aon chúis imní a d'fhéadfadh teacht chun cinn a aithint agus freagairt a thabhairt uirthi. Tá ball foirne a oileadh go speisialta i ngach Scoil - múinteoir ainmnithe agus leasmhúinteoir ainmnithe do chosaint pháistí- a dhéanann maoirseacht ar an bheartas cosanta páistí atá i bhfeidhm ina scoil. Leagfaidh an beartas cosanta páistí amach go soiléir conas a thabharfaidh an scoil freagairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cosaint pháistí. Ba chóir cóip den bheartas seo a thabhairt do gach tuismitheoir.
Bíonn ról tábhachtach ag scoileanna sa phróiseas cosanta páistí agus ní mór dóibh cloí lena ndualgas cúraim trí obair a dhéanamh le daoine gairmiúla eile chun cosaint leas gach páiste a chur chun cinn.
Cad é Chosaint Pháistí?
Cad atá i gceist le hImscrúdú Cosanta Páiste?
Cad a tharlóidh má shocraíonn an t-imscrúdú nach bhfuil aon cúis bhuartha ann?
Cad a tharlóidh má aimsítear mí-úsáid?
Cad í an aidhm a bhaineann le Scrúdú Leighis?
An gcaithfidh Tuismitheoirí cead a thabhairt chun Scrúdú Leighis a dhéanamh?
An dtógfar páistí óna dtuismitheoirí?
Cad é an Clár um Chosaint Pháistí?
Cad é Plean um Chosaint Pháistí?
Cad é Oibrí Bunriachtanacha?
Cad é "measúnú riosca”?
Cé hiad na daoine a mbeidh baint acu leis?
Cad é Cáschomhdháil um Chosaint Pháistí?
Cén fáth a d'fhéadfadh cruinniú den chineál sin a eagrú?
Cad is féidir le tuismitheoir a dhéanamh?
Cad a tharlaíonn ag na comhdhálacha seo?
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Cabhair le hiompar/feighilíocht pháistí
Ateangairí
Cad a tharlóidh tar éis na comhdhála?
Próiseas Achomharc
Cad í Chosaint Pháistí?
Úsáidtear na focail "Cosaint Pháistí" nuair a bhíonn sé riachtanach imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le mí-úsáid phaistí.Ní hé eachtra áirithe amháin ina d'fhéadfadh dochar ar pháiste/páistí, áfach, a bhíonn i gceist le cosaint pháistí. Baineann sé le measúnú mionsonraithe ar riachtanais pháistí agus a dteaghlach ionas go mbeidh cabhair agus tacaíocht éifeachtach á dtabhairt dóibh. Ba chóir cabhair agus tacaíocht leas páistí a fheabhsú agus iad a chosaint ó dhíobháil mhór.
Má tá imní ar aon duine go d'fhéadfadh go bhfuil páiste i mbaol díobhála nó mí-úsáide, ní mór dóibh na Seirbhísí Sóisialta, an NSCPCC nó na Póilíní a chur ar an eolas. Tugtar "tarchur" air sin. Tagann tarchuir ó chomharsana, cairde, gaolta, daoine gairmiúla, cosúil le, múinteoir, altra, dochtúir nó an páiste nó na tuismitheoirí féin. Uaireanta, bíonn an duine a dhéanann an tarchur gan ainm nó cuireann siad faoi deara nach mbeidh a ainm nó a hainm ar eolas ag aon duine. Ní féidir linn, i gcásanna mar sin, an fhoinse tharchuir a nochtadh do thuismitheoir sna himthosca sin.
Cad atá i gceist le hImscrúdú Cosanta Páistí?
Is freagracht roinnte é imscrúdú ar mhí-úsáid pháiste. Baineann a lán ghníomhaíochtaí leis, mar shampla Seirbhísí Sóisialta, NSPCC, Póilíní, dochtúirí, altraí, scoileanna, agus an Bord Phromhaidh. Tá nósanna imeachta comhaontaithe ag gach gníomhaireacht agus ní mór iad a leanúint. Leagtar na nósanna imeachta seo amach go soiléir i mBeartas agus Nósanna Imeachta Choistí an Cheantair Réigiúnaigh um Chosaint Pháistí. Tá sé mar príomhaidhm an imscrúdaithe an baol atá ann do pháiste/páistí a chinneadh, más ann. Nuair a chuirtear imscrúdú i bhfeidhm, socróidh duine gairmiúil nó roinnt daoine gairmiúla coinne leis na tuismitheoirí chun a n-imní a phlé agus a dtuairimí a chloisteáil ar an ábhar. Is oibrí sóisialta é/í/iad, de ghnáth. Uaireanta, is chomh-imscrúdú a bheidh i gceist leis an imscrúdú, ina mbuaileann Oibrí Sóisialta agus Póilín leis an teaghlach. Déanfaidh siad teagmháil le daoine eile a bhfuil freagracht tuismitheora orthu agus labhróidh siad leis an pháiste/páistí, más cuí. Déanfar scrúduithe le daoine gairmiúla a bhfuil aithne mhaith acu ar an teaghlach, mar shampla, na múinteoirí. B'fhéidir go mbeadh gá le scrúduithe leighis. Is gá cead a fháil ó thuismitheoirí ina leith sin.
Caithfidh an t-imscrúdú a bheith cruinn chun pictiúr chomh iomlán is féidir a fháil ar an teaghlach agus an fhaisnéis a sheiceáil go lánchúramach ar mhaithe le páiste/páistí. Cuirtear na tuismitheoirí ar an eolas agus téitear i gcomhairle leo a mhéid is féidir ag gach céim den imscrúdú. Tá sé tábhachtach go mbíonn teaghlaigh feasach ar na fáthanna imní agus go dtuigeann siad an ról gach ceann de na gníomhaíochtaí atá bainteach leis.
Cad a tharlóidh má shocraíonn an t-imscrúdú nach bhfuil aon chúis bhuartha ann?
Uaireanta, socraíonn an t-imscrúdú nach bhfuil aon chúis bhuartha ann agus nach bhfuil sé riachtanach leanúint ar aghaidh leis. Scríobhfaidh an tOibrí Sóisialta nó an tOibrí Sóisialta Sinsearach chuig an teaghlach agus inseoidh siad an toradh dóibh.
Cad a tharlóidh má aimsítear mí-úsáid?
Má mheastar gur baineadh mí-úsáid as an páiste, ní mór socruithe a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de go gcosnófar é/í amach anseo. Caithfidh na Seirbhísí Sóisialta agus daoine gairmiúla cinneadh a dhéanamh maidir le conas is fearr é sin a bhaint amach. Rachaidh siad i gcomhairle leis an teaghlach ar an ábhar seo. B'fhéidir go mbeadh sé riachtanach Cáschomhdháil Tosaigh um Chosaint Pháistí a shocrú.
Cad í an aidhm atá le Scrúdú Leighis?
B'fhéidir go bhfuil scrúdú leighis de dhíth ar pháiste. B'fhéidir go mbeidh gá leis an scrúdú sin chun cabhair a thabhairt leis an imscrúdú. Níos tábhachtaí fós, b'fhéidir go mbeidh sé riachtanach a fháil amach má tá coireáil ag teastáil. Cabhróidh an t-imscrúdú le himní a laghdú ar thaobh an phaiste agus/nó na tuismitheoirí. Déanfaidh Dochtúir a bhfuil oiliúnt speisialta faighte aige/aici an timscrúdú. Is féidir le tuismitheoirí nó duine eile a bhfuil muinín ag an páiste ann, a bheith in éineacht leis an pháiste ag an imscrúdú leighis.
An gcaithfidh Tuismitheoirí cead a thabhairt chun Scrúdú Leighis a dhéanamh?
Tá na daoine gairmiúla tiomanta do chomhpháirtíocht leis na teaghlaigh. Lorgóidh siad tuairimí tuismitheoirí agus baill eile teaghlaigh ag gach céim den phróiseas um chosaint pháistí, más féidir. Iarrfar ar chead tuismitheora chun imscrúdú leighis a dhéanamh. Má mheastar go bhfuil an páiste sean go leor le cúrsaí a thuiscint agus le gníomhú go neamhspleách, lorgófar a t(h)uairimí freisin. Tá leas an pháiste ina phríomhthosaíocht i rith an imscrúdaithe. Mura bhfuil páiste toilteanach imscrúdú leighis a dhéanamh nó má mheastar go mbeidh sé róthrámach, ní leanfar ar aghaidh leis. Ar an láimh eile, má dhiúltaíonn na tuismitheoirí cead a thabhairt agus má mheasann an Iontaobhas Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta go bhfuil sé sin míréasúnach, d'fhéadfadh sé iarratas a dhéanamh chuig an Chúirt ar ordú um imscrúdú leighis a dhéanamh ar an pháiste nó é nó í a chur faoi agallamh. Igcásanna ina dtarlaíonn sé sin, ba chóir do thuismitheoirí comhairle dhlí a lorg.
An dtógfar páistí óna dtuismitheoirí?
Éiríonn a lán tuismitheoirí buartha agus bíonn eagla orthu go dtógfar a bpáistí ón mbaile. Ní tharlaíonn sé sin i bhformhór na gcásanna. Déantar gach iarracht teaghlaigh a choimeád le chéile. Fanann formhór na bpáistí sa bhaile agus tugtar seirbhísí cuí dóibh chun cabhrú leo agus lena dteaghlach. Gan dabht, bíonn cead tuismitheora, comhoibriú agus chomhpháirtíocht an-tábhachtach ar fad. Ach ní mór do shábháilteacht agus leas na bpáistí a bheith mar príomhthosaíocht. Má cheapann na daoine ag an Cháschomhdháil go bhfuil baol tromchúiseach ar páiste sa bhaile, d'fhéadfaidís a mholadh go dtabharfaí duine eile aire dó/dí. Uaireanta, faightear cead tuismitheora dó sin. I gcásanna eile, d'fhéadfadh go mbeadh orthu dul go dtí an Chúirt, fiú le cead tuismitheora. Má tharlaíonn sé sin, is féidir le tuismitheoirí agus páistí, ag brath ar a n-aois, a dtuairimí a thabhairt don Chúirt. Ba chóir do theaghlaigh uiríoll dlíthúil a lorg chun cabhrú leo san Éisteacht Cúirte. Ní dhéanann an Cháschomhdháil an cinneadh deiridh i leith dul go dtí an Chúirt. Is freagracht na Seirbhísí Sóisialta í sin. Ní dhéantar an cinneadh sin go héadtrom. Ní tharcuirtear cásanna chuig an Chúirt ach in imthosca eisceachtúla agus ar mhaithe le leas an pháiste i gcónaí.
Cad é an Clár um Chosaint Pháistí?
Is éard atá i gceist leis an Chlár ná liosta páistí a bhfuiltear cinnte de nó a chreidtear gur baineadh mí-úsáid astu nó ar gortaíodh iad i slí éigean nó a mheastar go bhfuil siad i mbaol gortaithe, mí-úsáide nó faillí. Coimeádann an Roinn Seirbhísí Sóisialta an Clár. Tá sé faoi rún agus tá an fhaisnéis ann ar fáil do dhaoine gairmiúla amháin ar nós Altraí Cuairteora, Múinteoirí, Dochtúirí, Póilíní agus Oibrithe Sóisialta.
Fiú má chuirtear ainm do pháiste ar an Chlár, ní chiallaíonn sé sin go bhfanfaidh sé ar an chlár go deo. Beidh an dara comhdháil ar siúl i gceann trí mhí chun breithniú a dhéanamh ar chóir d'ainm do pháiste a fhágáil ar an Chlár. Má mheastar gur chóir don ainm a fhágáil air, déanfar athmheastóireacht ar an ábhar i gceann sé mhí. Bainfear ainm do pháiste as an clár má mheastar nach bhfuil do sé nó sí i mbaol.
Cad é Plean um Chosaint Pháistí?
Ba chóir Plean um Chosaint Pháistí a bheith ag na páistí go léir a bhfuil a n-ainmneacha ar an Chlár um Chosaint Pháistí. Ba cheart go soiléireodh an plean cad a mbeifear ag súil leis ó gach gníomhaireacht chun cabhrú leis an pháiste a chosaint. Ba cheart go soiléireodh sé freisin cad a mbeifeaer ag súil leis ó thuismitheoir d'fhonn an riosca dá bpáiste a laghdú.
Ba chóir do dhaoine gairmiúla agus tuismitheoirí/caomhnóirí sonraí an phlean a fhorbairt ag an chroíchruinniú grúpa a bhíonn ar siúl tar éis na Comhdhála um Chosaint Pháistí. Is í aidhm an phlean:-
Ba cheart go leagfadh an plean um chosaint pháistí amach an obair atá le déanamh, cén fáth, cathain agus cé a dhéanfaidh é. Ba chóir don phlean:-
-
Rólanna agus freagreachtaí na ndaoine gairmiúla a bhíonn i dteagmháil rialta leis an pháiste a leagan amach go soiléir, m.sh. altraí cuairteora, dochtúirí, múinteoirí chomh maith le haon saintacaíocht nó tacaíocht spriocdhírithe don pháiste agus don teaghlach.
Ba cheart go nglacfadh an plean um chosaint pháistí mianta agus mothúcháin an pháiste san áireamh, chomh maith le tuairimí tuismitheora a mhéid a thagann siad le leas an pháiste. Ba cheart go ndéanfadh an tOibrí Bunriachtanach gach iarracht a chinntiú go dtuigeann an páiste agus na tuismitheoirí cuspóirí an phlean, go nglacann siad leis agus go bhfuil siad toilteantach obair a dhéanamh de réir an phlean. Ba chóir don phlean a chumadh leis an teaghlach ina dteanga dhúchais. Mura nglactar le roghanna na mball teaghlaigh maidir le conas is fearr an páiste a chosaint, ba cheart na fáthanna a mhiniú dóibh. Ba cheart go gcuirfí teaghlaigh ar an eolas maidir lena gceart gearáin agus uiríoll a dhéanamh agus conas is féidir leo é sin a dhéanamh.
Cad é Oibrí Bunriachtanach?
Is Oibrí Sóisialta é an tOibrí Bunriachtanach a cheaptar ag an cháschomhdháil agus a bheidh freagrach as pleanáil a dhéanamh le tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí maidir le conas is fearr rioscaí don pháiste a laghdú.
Déanfaidh oibrithe eile teagmháil leis an Oibrí Bunriachtanach má bhíonn fadhbanna breise acu agus tuairisceoidh siad aon eachtraí dó/dí.Ciallaíonn sé sin go mbeidh léargas ar an stad acu agus go bhfeicfidh siad aon imní méadaitheach ionas gur féidir cabhair a shocrú más gá.
Cad é "measúnú riosca”?
Is é sin an t-ainm a thugtar ar an tuarascáil mionsonraithe a bhíonn ar an Oibrí Sóisialta agus ar na daoine gairmiúla a chomhlánú nuair a chuirtear ainm páiste ar an Chlár um Chosaint Pháistí. Ar bhonn an eolais sin, déantar trácht ar cad a dhéanfar chun an chabhair is fearr is féidir a thabhairt do thuismitheoir agus páistí.
Cé hiad na daoine eile a bheidh bainteach leis?
Oibreoidh Croíghrúpa daoine gairmiúla le tuismitheoirí agus leis an Oibrí Bunriachtanach chun tuiscint níos fearr a fháil ar stad an teaghlaigh. Tugann an fhaisnéis sin bonn daingean ansin chun cinntí a dhéanamh maidir le cabhair agus cosaint bhreise do pháistí.
Cad é Cáschomhdháil um Chosaint Pháistí?
Is cruinniú é sin do dhaoine ó ghníomhaireachtaí eile, mar shampla, Oibrithe Sóisialta, Altraí Cuairteora, Dochtúirí, na Póilíní agus Múinteoirí.
Cén fáth a d'fhéadfaí cruinniú den chineál sin a eagrú?
Chun imní maidir le cúram páiste/páistí a mheas.
Cad is féidir le tuismitheoir a dhéanamh?
Labhróidh an tOibrí Sóisialta leo faoi fháthanna na comhdhála agus faoi cad a tharlaíonn ag na cruinnithe sin.
B'fhéidir gur mhaith leo comhairle a fháil ó do dhlíodóir, ón Bhiúró Comhairle Saoránach nó ón Ghrúpa um Chearta Teaghlaigh
Cad a tharlaíonn ag na comhdhálacha seo?
Roinneann na gníomhaireachtaí go léir atá bainteach le teaghlaigh faisnéis a bhaineann le himní faoi chúram páiste/páistí.
Bíonn sé tábhachtach go bhfuil na tuismitheoirí i láthair chun tuairimí a chloisteáil ach bíonn sé tábhachtach freisin go gcloiseann na daoine eile ag an chruinniú na tuairimí a bhfuil na tuismitheoirí ag iarraidh a chur in iúl.
Tuigimid go mbeidh imní ar na tuismitheoirí agus má cheapann siad go bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, spreagtar iad chun cara nó gaol a thabhairt leo.
Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?
Déantar cinntí agus moltaí ar cad a dhéanfar chun an páiste/na páistí a chosaint agus chun cabhair a thabhairt do theaghlaigh.
Cabhair le hiompar/feighilíocht pháistí
Má tá cabhair i leith iompair nó feighilíochta páistí de dhíth ar thuismitheoirí ionas gur féidir leo freastal ar an chruinniú, déanfaidh an tOibrí Sóisialta iarracht chun cabhair a shocrú.
Ateangairí
D'fhéadfadh nach é Béarla teanga dhúchais tuismitheora, mar sin, má mheasann na tuismitheoirí go bhfuil ateangaire de dhíth orthu, ba chóir dóibh an tOibrí Sóisialta a chur ar an eolas chomh luath is féidir chun socruithe a dhéanamh.
Cad a tharlóidh tar éis na comhdhála?
Pléifear na cinntí agus na moltaí leis na tuismitheoirí ag an chruinniú agus cuirfear in iúl dóibh iad i scríbhinn.
Próiseas Achomhairc
Má bhíonn na tuismitheoirí míshásta le haon chinneadh, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis a nOibrí Sóisialta chun breis eolais a fháil.