Young girl smiling in class Close up head shot of boy in school Girl holding hand up, with teacher at white board
.

Bulaíocht (Bullying)

D'fhéadfadh bulaíocht a bheith taobh thiar de neamhfhreastal páiste ar scoil. Mar thuismitheoir, ba chóir duit a bheith eolach faoi cén freagairt ar chóir duit a thabhairt má bhíonn/ bhí do pháiste faoi leatrom nó má thaispeánann siad iompraíocht bulaíochta.

 

Cad í Bulaíocht?

 

An bhfuil cineálacha difriúla bulaíochta?

 

Cad iad na comharthaí agus na airíonna Bulaíochta?

 

Cad iad na saintréithe a bhaineann le hiompraíocht bhulaíochta?

 

Cá tharlaíonn Bulaíocht?

 

Cén fáth a tharlaíonn bulaíocht?

 

Conas is féidir liom déileáil le bulaíocht?

 

Cad í freagracht na Scoile?

 

Cad is féidir leis an scoil a dhéanamh chun cosc a chur ar bhulaíocht?

 

Cén saghas tacaíochta/cabhrach a d'fhéadfadh an scoil a chur ar fáil do íobartaigh bulaíochta?

 

Cén saghas tacaíochta/cabhrach a d'fhéadfadh an scoil a chur ar fáil don bhulaí?

 

Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil mé sásta le freagairt na Scoile?

 

Cén saghas tacaíochtaí eile atá ar fáil?

 

Cad í Bulaíocht?

Is é an fonn toiliúil comhfhiosach a bhíonn ar dhuine chun duine eile a ghortú, a bhagairt nó a scanrú. Míníonn an Roinn Oideachais (RO),bulaíocht mar "

 

Is í feidhm na scoile ná an caighdeán oideachais is fearr a sholáthar dá daltaí go léir. Bíonn timpeallacht shláintiúil dhaingean riachtanach chun an sprioc seo a bhaint amach. Bíonn iompraíocht bhulaíochta láidir in atmaisféar na héiginnteachta agus na rúndachta ina mbíonn imní agus baineann sé bonn ón chaighdeán oideachais agus déanann sé dochar síceolaíochta. Dá bharr sin, ba chóir aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo go deimhneach agus go daingean trí ghníomhaireachtaí chomhphobail áitiúla agus scoile.

 

Ní imríonn bulaíocht tionchar ar na daoine atá bainteach go díreach amháin - imríonn sí tionchar ar gach duine sa seomra ranga, sa chomhphobal, sa scoil agus, ar deiridh, sa chomhphobal níos leithne. Tá gá le hard-fhorairdeall comhchoiteann chun bulaíocht a aithint agus a réiteach ar bhealach cuí.

 

 

An bhfuil cineálacha difriúla bulaíochta?

Cuimsíonn bulaíocht réimse leathan gníomhaíochta: - 

  1. Iompraíocht Dalta

 

(i) Ionsaí Fisiciúil:

Áirítear air seo, brú, ropadh, ciceáil agus dornbhualadh - d'fhéadfaí dian-ionsaí fisiciúil a bheith i gceist uaireanta. D'fhéadfaí airm ar nós sceana a úsáid i gcásanna foircneacha. Is minicí a tharlaíonn an saghas iompraíochta sin i measc buachaillí ná cailíní.

 

(ii) Ionsaí béil:

Sna cásanna seo úsáidtear an guth mar airm. Uaireanta tarlaíonn shíor-leasainmniú ar an duine nó daoine céanna, ainmneacha a ghortaíonn, a mhaslaíonn nó a náiríonn iad. Bíonn an bhulaíocht seo dírithe go minic ar an duine faoi leatrom mar gheall ar dhifríochtaí bhraite i ngnéithe fisiciúla, canúint nó cáilíochtaí gutha ar leith agus cumas acadúla ardghnóthachtálaithe agus lag-ghnóthachtálaithe. Uaireanta deirtear rudaí gáirsiúla faoi chlaonadh gnéasach an dalta mar chuid den leasainmniú. (Is gné den bhulaíocht bhéil í glaonna maslacha teileafóin ina mbíonn páistí agus fiú, múinteoirí faoi leatrom).

 

(iii) Imeaglú:

Bíonn sé seo bunaithe ar chomharthaíocht ionsaitheach coirp a úsáid agus ar thuin chainte ina gcuirtear brú ar an duine atá faoi leatrom rud éigin a dhéanamh nár mhaith leis/leí a dhéanamh. Is féidir gotha gnúise an bhúlaí ionsaitheacht agus/nó mícheanúlacht a chur in iúl. Úsáidtear bagairtí go minic chun muinín an duine faoi leatrom a lagú.

 

(iv) Eisiamh:

Cuireann an bulaí tús leis an chleachtas seo de gnnáth. Aonraítear an duine faoi leatrom d’aon ghnó, coinnítear amach é/í nó fágtar leis féin é/í ag roinnt daoine sa ghrúpa ranga nó ag an rang iomlán. Mar chuid den gcleachtas, scríobhtar focail mhaslacha faoin íobartach ar chláir dhubha nó in áiteanna poiblí. Cuirtear nótaí nó líníocht faoin duine sa timpeall nó tugtar maslaí i gcogar ard go leor le cloisteáil.

 

(v) Sracaireacht:

Déantar éileamh ar airgead agus úsáidtear bagairt sa chás nach “n-íocann” an duine faoi leatrom go sciobtha. Tógtar lóin, dearbháin lóin nó airgead lóin ón íobartach. D'fhéadfadh an bulaí comhéigniú ar an duine faoi leatrom maoin a ghoid dó nó di. Ní bhíonn de chuspóir leis an straitéis seo uaireanta ach an t-íobartach a chiontú.

 

(vi) Damáiste do Mhaoin:

D'fhéadfadh an bulaí aird a dhíriú ar mhaoin an duine faoi leatrom. Mar thoradh air sin, b’fhéidir go ndéanfaí damáiste d’éadaí, leabhair scoile agus maoin phríobháideach.

 

    2.   Iompraíocht Daoine Fásta

 

Tharlódh go nglacfadh duine fásta i dtimpeallacht scoile páirt, go heolach nó go haineolach, in iompraíocht bhulaíochta nó go mbunódh nó go neartódh sé/sí iompraíocht bhulaíochta trí:

 

(i) dalta atá lag nó an-mhaith go hacadúil nó soghonta i slite eile a náiriú

(ii) searbhas nó caint dhiúltach a úsáid faoi chuma fisiciúil nó cúlra an dalta

(iii) cora nó leaganacha cainte a úsáid a bhíonn bagarthach nó scanrúil.

Cad iad na comharthaí agus na airíonna Bulaíochta?

Cé nach bpléann íobartaigh a bhfuil ag titim amach dóibh, feictear a bhfulaingt in athruithe aoibhe agus iompraíochta. Mothaíonn íobartaigh bulaíochta nach bhfuil siad in ann rud ar bith a dhéanamh agus go bhfuil cumhacht ag an bhulaíocht air/uirthi. Mar thoradh air sin, fásann mothúcháin neamhshláine agus dian-imní, easpa féinmhuiníne agus tagann laghdú ar fhéinmheas. Ar an mbealach sin, éiríonn an duine faoi leatrom níos soghonta. Bíonn féinmharú mar thoradh ar bhulaíocht i gcásanna suntasacha. Tá forairdeall i leith athruithe iompraíochta chomh tábhachtach le hidirghabháil luath.

 

Tugann na comharthaí agus na hairíonna seo a leanas le fios go bhfuil cos ar bholg á imirt ar dhalta:

 

  • Patrún de bhreoiteacht fhisiciúil (m. sh. tinnis chinn nó ghoile)

 

  • Imní faoi thaisteal ar scoil agus ón scoil; ag iarraidh ar thuismitheoirí iad a thiomáint chun na scoile nó a theacht chun iad a bhailiú, gnáthamanna taistil a sheachaint.

 

  • Athruithe meoin agus/nó athruithe iompraíochta

 

  • Comharthaí infheicthe imní nó crá – deacracht codlata, gan bheith ag ithe, caoineadh, tromluithe, staidearacht, fliuchadh leapa, cúlú, nó iad a bheith neamhshóisialta

 

  • Maoin agus/nó éadaí loite nó ar iarraidh

 

  • Iarratais níos minice ar airgead agus/nó goid airgid.

 

  • Ballbhrú nó gearradh gan mhíniú.

 

  • Ísliú ar chaighdeán oibre ar scoil, laghdú díograise agus laghdú suime ar scoil.

 

  • Mífhonn agus/nó diúltú a rá cad tá ag goilleadh air/uirthi.

 

  • Féinghortú agus iarrachtaí ar fhéinmharú.

 

Ní thugann na comharthaí agus na hairíonna seo a leanas, ina n-aonair, le fios go bhfuil cos ar bholg á imirt ar dhalta. Má tharlaíonn siad go minic nó i gcomhair lena chéile, is cóir iniúchadh a dhéanamh orthu lena fháil amach cad é atá ag cur as don dalta.

 

Cad iad na saintréithe a bhaineann le hiompraíocht bhulaíochta?

Is gníomhaíocht sheasmhach agus rúnda í bulaíocht.

 

Is féidir go ndéanfaí bulaíocht ar dhalta ar bith gan aon locht a bheith orthu féin. Buailtear suas le 20% de pháistí scoile le hiompraíocht bulaíochta de réir staidéir dheireanacha.

 

Ceaptar go bhfuil an duine faoi leatrom difriúil ó dhaoine eile. D'fhéadfaí go bhfuil sé/sí goilliúnach, mothuchánach, neamhghníomhach, "aonaránach", rathúil ón taobh acadúil nó sóisialta de, go mbaineann cine/cultúr/creideamh/Claonadh gnéasach éagsúil leis nó léi.

Is gnáthach do dhaltaí le linn súgartha a bheith ag tarcaisniú nó ag spochadh faoina chéile. Mar sin féin, ag pointe áirithe is féidir leis an iompraíocht sin a fhorbairt go dtí iompraíocht bulaíochta. Tá gaol díreach idir troime agus fad na hiompraíochta bulaíochta agus freagra an dalta ar an ionsaí ó bhéal, go fisiciúil nó go síceolaíoch.

 

Bíonn na daoine faoi leatrom bulaíochta neamhchiontach. Gníomhaíonn daltaí áirithe i ngan fhios dóibh féin, áfach, ar mhodh a tharraingíonn iompraíocht bhulaíochta orthu féin.

 

Glactar leis i gcoitinne gur iompraíocht foghlamtha í bulaíocht, a chuireann duine aonair nó grúpa i bhfeidhm.

 

Bíonn easpa muiníne agus neamhshocracht ag cur isteach ar bhulaithe go minic, chomh maith le féinmheas íseal. Bíonn siad ag lorg cumhachta, bíonn siad éadmhar agus ag tarraingt airde orthu féin agus níl siad chomh spreagtha le lucht a c(h)omhaoise. Ní mhothaíonn siad aon doilíos agus d'fhéadfaidís a áitíú orthu féin go bhfuil an mhí-úsáid tuillte ag an íobartach.

 

Ní foláir do scoileanna a aithint gur féidir aon dalta a bheith faoi leatrom nó a bheith mar údar iompraíochta bulaíochta.

 

Cá tharlaíonn Bulaíocht?

Tarlaíonn bulaíocht sa scoil i rith am saor, mar shampla, am sosa nó am lóin. Is féidir le bulaithe breith ar a (h)íobartach mura bhfuil duine fásta údarásach ann chun cosc a chur ar a (h)iompraíocht. Tarlaíonn bulaíocht go minic sa chlós imeartha, de réir taighde.

 

D'fhéadfaí roinnt fáthanna a bheith leis sin:

 

  • maoirseacht neamhleor;

 

  • Easpa súgartha chuidithí nó áiteanna sugartha;

 

  • Bíonn cúinní dorcha folaithe fabhrach do bhulaíocht;

 

  • Tagann páistí le chéile i ngrúpaí gcoinne an íobartaigh;

 

  • D'fhéadfaí an t-ardleibhéal fuaime rudaí atá ag tarlú a fholú;

 

  • Nadúr fisiciúil na gcluichí;

 

  • Réimse leathan aoise na ndaltaí a mbíonn leochaileacht páistí beaga agus óga mar thoradh air.

 

Is láithreacha iad leithris, seomraí na gcótaí, seomraí na dtaisceadán, cithfholcadáin, seomraí aistrithe, pasáistí, busanna scoile ina dtarlaíonn bulaíocht. Tá maoirseacht ghéar de dhíth chun bulaíocht a laghdú. Tarlaíonn bulaíocht sa seomra ranga freisin.  Tá ról tábhachtach ag an múinteoir chun atmaisféar cobhsaí agus slán a sholáthar. Ba chóir cosc a chur ar dhaltaí ionsaithe ó bhéil nó fisiciúla, is cuma cé chomh fíneálta is a bhíonn siad. Ar an chuma céanna, ní féidir le múinteoirí féin teanga ionsaitheach a úsáid ná beag a dhéanamh de dhaltaí nó aon mhí-úsáid fhisiciúil a úsáid.

 

Tugann an turas chun na scoile agus abhaile arís deis eile d'iompraíocht neamhshóisialta.

 

Bíonn sé tábhachtach a aithint go dtarlaíonn bulaíocht lasmuigh den timpeallacht scoile. Cuireann an fhadhb isteach ar shaol sóisialta an duine óig agus d'fhéadfadh sé bheith follasach laistigh d'eagraíochtaí óga mar shampla.

 

Cén fáth a tharlaíonn bulaíocht? 

Bíonn na fáthanna bulaíochta casta agus éagsúil. Seo iad a leanas roinnt de na fáthanna is coitianta: -

 

  •  an dearcadh bréagach gur féidir glacadh le hiompraíocht ionsaitheach 

 

  • stádas a fháil os comhair a gcairde agus a gcomhpháirtithe; 

 

  • aird a fháil ó dhaoine fásta suntasacha; 

 

  • leadrán 

 

  • sracaireacht; 

 

  • mar chúiteamh ar theip acadúil agus sóisialta agus ar brú tuismitheora; 

 

  • Is dócha go mbeidh iompraíocht bulaíochta ag gabháil le mhí-úsáid nó faillí páiste

 

Conas is féidir liom déileáil le bulaíocht?

  • Ná déan neamhaird ar na comharthaí nó ar na hairíonna

 

  • Ná bí ag déileáil leis an ábhar seo i d'aonair

 

  • Labhair le / Éist le do pháiste agus bí dáiríre agus tú ag dul i ngleic leis an ábhar

 

  • Scríobh síos na mionsonraí nó an t-eolas a thugtar duit

 

  • Coimeád aon fhianaise a chabhródh leis na eachtraí a chruthú, mar shampla teachtaireacht téacs, nóta, r-phost agus araile.

 

  • Déan deimhin de nach bhfuil do pháiste i mbaol

 

  • Déan teagmháil leis an scoil chomh luath is féidir chun cruinniú a shocrú chun an fhadhb a phlé.

 

  • Tabhair cara nó gaol leat má tá tacaíocht ag teastáil uait.

 

  • Bí suaimhneach agus cuir do rúin imní le chéile go soiléir agus go réasúnach.

 

 

Cad í freagracht na Scoile?

Tá freagracht dhlíthiúil ag an Bhord Gobharnóirí as leas na bpaistí go léir ina scoil a chur chun chinn agus a chosaint. Leagtar a ndualgais amach san Ordú Oideachais agus Leabharlainne (TÉ) 2003, Airteagail 17, 18 agus 19. Ba chóir dóibh deimhin a dhéanamh de go mbíonn timpeallacht shláintiúil ann do dhaltaí chun a gcumas oideachais a bhaint amach.

 

Baineann ríthábhacht le treoir an phríomhoide chun beartas scoile ar bhulaíocht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Caithfear an beartas a fhorbhairt i dteannta le foireann scoile, daoine a mhúineann agus daoine nach múineann agus i gcomhairle le tuismitheoirí agus daltaí. Is féidir le hoibrithe Óige fianaise leanúnach a sholáthar ar bhulaíocht lasmuigh den timpeallacht scoile.

 

Caithfidh gach uile duine lena mbaineann, na haidhmeanna, rólanna agus cuspóirí a thuiscint.

 

Cad is féidir leis an scoil a dhéanamh chun cosc a chur ar bhulaíocht?

 Bíonn beartas scoile um bulaíocht níos éifeachtaí nuair a chuirtear i bhfeidhm é in atmaisféar comhbhách agus machnamhach ar dhaoine eile agus ba chóir go nghlacfaí leis mar chuid de chóras cúraim thréadach. Ba chóir a shoilériú do gach dalta nach nglacfar le hiompraíocht bulaíochta sa scoil. Ba chóir daltaí a spreagadh chun eachtraí bulaíochta a thuairisciú agus freagracht a ghlacadh as leas daltaí eile. Tá múinteoirí freagrach as atmaisféar dearfach agus timpeallacht shláintiúil a chruthú trína bheith ina ndea-eiseamláirí.

 

  1. Feasacht a Mhéadú (samplaí)

    (i) Ba chóir beartas bulaíochta a bheith mar chuid de bheartas araíonachta scoile.

    (ii) Ba chóir go scríobhfaí amach é agus go gcuirfear ar fáil é do gach duine.

    (iii) Ní mór do na Gobharnóirí forbairt agus cur i bhfeidhm an bheartais scoile a mhaoirsiú.

    (iv) D’fhéadfadh scoileanna lá feasachta fhoirne a eagrú mar cheann de na chéad cheardlanna.

    (v) D'fhéadfaí lá feasachta dhaltaí a reáchtáil ina dhiaidh sin, m.sh. postaeir, ceistiúcháin agus araile.

    (vi) D'fhéadfaí oíche eagraithe ag an Chumann Tuismitheoirí agus Múinteoirí deis a thabhairt do scoil na tuismitheoirí a ghlacadh san áireamh.

    (vii) D'fhéadfaí Clár um Fheasacht Pobail a fhorbairt, m.sh taobh le haltra/eaglais, gardaí, grúpaí óga.

    Is féidir le gníomhaíochtaí curaclaim páirt a ghlacadh chun feasacht daltaí a mhúscailt, m.sh. Béarla, Drámaíocht, Staidéir Shóisialta, CO, Oideachas Sláinte, Tionól Scoile, EMU agus Cláracha Kidscape/Stay Safe.

     

  2. Maoirseacht

    (i) Maoirseacht ghéar ar láithreacha ina tharlaíonn an-chuid bulaíochta.

    (ii) D'fhéadfadh daltaí sinsearacha freagracht a ghlacadh.

    (iii) Déan cinnte de go n-oiltear gach duine ar fhoireann na scoile agus go bhfuil an t-údáras acu a ndualgais a chur i bhfeidhm go héifeachtach (go háirithe ball foirne nach múineann).

    (iv) Déan teagmháil le comhlachtaí bus i leith bheartais scoile.

    (v) Déan am lóin a eagrú ag amanna éagsúla do dhaoine éagsúla.

    (vi) "Áit faoisimh" a bheith ann do dhaltaí sa chéad bhliain.

    (vii) Am chloig a eagrú ag amanna éagsúla. Laghdaigh an t-am a chaitear sa scoil

    (viii) An clós imeartha a roinnt in áiteanna imeartha beaga.

    (ix) Leithris ar leithligh a chur ar fáil do dhaltaí sóisearacha agus do dhaltaí sinséaracha.

    (x) Súgradh dearfach – a bhféadfadh oibrithe deonacha maoirseacht a dhéanamh air b'fhéidir

     

  3. Nósanna Imeachta a Thaifeadadh

(i) Ba chóir módh taifeadta a bheith i bhfeidhm chun gach uile eachtra bulaíochta a taifeadadh. (Bheadh foirm chaighdeánach inmhianaithe)

(ii) Ba chóir duine ainmnithe cuntais chatalóige a thaifeadadh i gcásanna tromchúiseacha agus/nó i gcásanna leanúnacha.

(iii) Ba chóir eachtraí tromchúiseacha a thuairisciú.

(iv) Ba chóir tuismitheoirí páistí atá bainteach leis an eachtra a chur ar an eolas chun a bpáiste agus an scoil a thacú.

(v) Ba chóir do thuismuitheoirí bheith eolach faoin duine cuí um teagmháil a dhéanamh leo maidir le heachtraí bulaíochta ar bith a bhfuil eolas acu orthu.

(vi) Grianghraf a ghlacadh ar aon ghortuithe. Cuir na gardaí ar an eolas má tá an t-ábhar tromchúiseach.

Cén saghas tacaíochta/cabhrach a d'fhéadfadh an scoil a chur ar fáil do íobartaigh bulaíochta?

  • Déan an duine faoi leatrom agus na tuismitheoirí a athdheimhniú arís go bhfuil aghaidh á thabhairt ar an ábhar go dáiríre agus réiteofar é.

 

  • Buail leis an íobartach chomh luath is féidir. Tabhair treoirlíne más gá - cá/cad/cathain a tharla an t-eachtra?Iarr ar chuntas scríofa ar cad a tharla.

 

  • Buail le finnéithe aonaracha chun chuntas soiléir a fháil

 

  • Tabhair cabhair don duine faoi leatrom chun straitéisí féinchosanta agus freagairt a phleanáil má tharlaíonn an t-eachtra arís.

 

  • Éirigh cairdiúil leis an duine faoi leatrom. Iarr ar pháiste níos sine bheith cairdiúil leis an duine faoi leatrom nó iad a "scáthú".

 

  • Bain úsáid as an churaclam chun féinmhuinín a chur ar ais: m. sh. drámaíocht, filíocht, fístéip, clár Kidscape agus araile.

 

  • Comhaontaigh faoin eachtra atá le glacadh: m. sh. Cuir an bulaí faoi agallamh agus inis dóibh nach nglactar leis an iompraíocht seo.

 

  • Dáta athbhreithnithe:Socraigh cruinniú leis an duine faoi leatrom sa ghearrthéarma aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí.

 

  • D'fhéadfaí é í a tharchur chuig ghníomhaireacht eile – m. sh. Síceolaí, Oifigeach Leighis Chliniciúil, Leas Oideachais, Seirbhís Óige

 

Cén saghas tacaíochta/cabhrach a d'fhéadfadh an scoil a chur ar fáil don bhulaí?

  • Buail leis an bhulaí agus na tuismitheoirí chomh luath is féidir. Iarr ar chuntas scríofa ar cad a tharla. (Cá, Cad agus Cathain)

 

  • Níor mhór duit a thabhairt le fios gurb í an iompraíocht atá inghlactha agus ní an dalta.

 

  • Mol foirmeacha iompraíochta a nglactar leo agus léirigh aon iompraíocht mhaith a thaispeáin an dalta.

 

  • Ba chóir don bhulaí freagracht a ghlacadh as aon dochar, gortú nó damáiste agus cúiteamh a dhéanamh.

 

  • Bain úsáid as an churacalam chun iompraíocht inglactha a léiriú. Oideachas pearsanta agus sóisialta, tréimhse foirm, drámaíocht.

 

  • Déan teagmháil le gníomhaireachtaí eile– Síceolaíocht Oideachais; Oifigeach Leighis Chliniciúil; Seirbhísí Sóisialta; Aonad Ógánaigh, Seirbhís Óige

 

  • Comhaontaigh an t-eachtra atá le glacadh: Cuir an bulaí ar an eolas go ndéanfar dlúthmhonatóireacht ar iompraíocht.

 

  • Dáta athbhreithnithe:Socraigh cruinniú leis an duine faoi leatrom sa ghearrthéarma aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí.

 

  • D'fhéadfaí dalta a tharchur chuig ghníomhaireacht eile, más cuí.

 

Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil mé sásta le freagairt na Scoile?

Tá bulaíocht chun bheith ina hábhar mór imní san oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile.

 

Táthar ag súil go n-ardóidh doiciméad soiléir beartais, agus tiomantas iomlán na ndaoine gairmiúla atá bainteach leis, feasacht agus tuiscint sa chomhphobal agus ar an mbealach sin go gcabhróidh sé sin leis an fhadhb a réiteach.

 

Ba chóir tuismitheoirí atá míshásta leis na módhanna oibre : -

 

  • Teagmháil a dhéanamh le príomhoide na scoile chun imní a phlé. Mura bhfuil tú sásta:

 

  • Déan teagmháil le Cathaoirleach Bhord Ghobharnóirí na scoile

 

  • Déan teagmháil le Seirbhís Leasa Oideachais an Bhoird Oideachais agus Leabharlainne.

 

  • Rochtain ar aon chomhairle neamhspléach ó aon ghníomhaireachtaí eile, mar shampla, Ionad Dlí na bPáistí.

 

Cén saghas tacaíochtaí eile atá ar fáil?

  • FFB/ABC (Feachtas Frith-Bhulaíochta) 071 378 1146 Luan-Aoine 9.30 r.n. go 5.00 i.n.

 

 

 

 

  • NICCY - Coimisinéir Thuaisceart Éireann um Páistí agus Daoine Óga

 

  • Seirbhísí áitiúla eile atá ar fáil:

 

    • Seirbhís Leasa Oideachais - Bord Oideachais agus Leabharlainne